Ceolchoirm Childline 2016

Bhíomar chomh brodúil as na cailíní ar fad a ghlac páirt i gCeolchoirm Childline in Amharclann na Mílaoise in LIT oíche Aoine.  Chan sibh go h-álainn agus chuir sibh go mór leis an ócáid iontach seo a bhí eagraithe ag Music Generation ar mhaithe leis an tSeirbhís fhíor-thábhachtach, Childline.  Go raibh míle le Miss Colgan mar is gnáth as ucht na gcleachtaithe ar fad sa bhreis agus an táithí iontach seo a chur ar fáil do Chór na Scoile.