Turas TY go h-Acaill

Bhí tús an-eachtraíoch curtha leis an mbliain scoile ag ár ranganna Idirbhliana le turas go h-Acaill an deireadh seachtaine seo caite.  Idir shiúlóidí sna portaigh, thumadh sna portaigh agus spraoi … (cén áit eile ach sna portaigh?) … bhí trí lá den scoth acu.  Níor chuir an ghaoth láidir ná an bháisteach as dóibh – cé gur cheapadar ar feadh scaithimh go raibh Irma ar a bealach go cósta Mhaigh Eo.  Díreach an t-oideas a bhí uathu roimh thorthaí an Teastais Shóisearaigh!  Míle buíochas le h-In. Ní Luinneacháin, Máistir Mac Donnchadha agus Christine as dul in éineacht leis na cailíní.