Lá an Chuimhneacháin

Anna de Priondargást, Cuisle

7 May, 2016

Ar an 15ú Márta bhí béim curtha ar Lá Cuimhneacháin do 1916 ar fud na tíre mar chuid de cheiliúradh an chéid –  100 bliain o Éirí Amach na Cásca, 1916.  Níorbh í aon eisceacht ár scoilse.  Ar dtús ar maidin, tháinig gach duine le chéile sa halla – aíonna speisialta ó Bhord Bainistíochta na Scoile, iarphríomhoidí, leas-phríomhoidí, iarmhúinteoirí agus mná rialta óna FCJs chomh maith leis na múinteoirí agus na scoláirí sinsearacha ar fad.  Cuireadh dráma ar stáitse, rinneadh damhsa agus ardaíodh Brat na h-Éireann.  Thug roinnt scoláirí iar-dhearcadh ar Fhorógra na hÉireann agus chanamar Amhran na bhFiann fad is a bhí an Brat Náisiúnta ag dul in airde lasmuigh.  Bhí lá an-chorraitheach againn.  Thug m’athair óráid mar Chathaoirleach an Bhoird agus bhí gradaim á dtabhairt amach aige i gcomhair na ndaoine a fuair Gradam Gaisce anuraidh.  Ba lá é nach ndéanfaimid dearmad air go ceann i bhfad.

OLYMPUS DIGITAL CAMERA

OLYMPUS DIGITAL CAMERA

OLYMPUS DIGITAL CAMERA