An Íoslainn

Laura Ní Shé, Ellen Nig Uidhir agus Cadhla Nic Gabhann, Bl. 6

Ar an 27ú Deireadh Fómhair, chuaigh 26 scoláirí ó Bhl. 6 chuig an Íoslainn le h-In. Ní Luinneacháin, In. Bhreathnach agus In. Ní Néill.  Nuair a shroicheamar Reykjavik, bhuaileamar lenár dtreoraí agus rinneamar caol díreach ar lár na cathrach.  D’fhoghlaimíomar faoi stair na cathrach agus chonaiceamar na príomh-shuíomhanna turasóireachta.  Ba é Ardeaglais Reykjavik an suíomh ba ghalánta.

Ar an Satharn bhí lá gnóthach again.  Bhí turas fada ar an mbus go dtí “Turas an Chiorcail Órga”.  Chonaiceamar radharcanna áille – géasar agus easanna (3 cinn ach ba é Gullfoss an ceann ba mhó agus ba mhórthaibhsí!)  Shiúlamar timpeall craos bolcáin agus fiú ar an mbealach abhaile an oíche sin, stopamar ag ionad siopadóireachta ina raibh tú ábalta an teorainn idir plátaí a fheiceáil – an pláta Eoráiseach agus ceann Mheirceá Thuaidh.  Níba dhéanaí, chuamar ar shiúlóid ag iarraidh Na Gealáin Thuaidh a fheiceáil; bhí siad le feiceáil ach iad an-lag, faraor.

Ar an Domhnach, thug an tiománaí aghaidh ar Fhoinse The, agus bhí an tírdhreach ar an mbealach dochreidte álainn – an-difriúil ó Éirinn – le sléibhte móra agus oighearshruthanna áille ar fud na h-áite.  Ansin, chuamar go dtí an “Blue Lagoon”.   Gan aon dabht, ba é seo buaicphointe an turais ar fad.  Bhí an t-uisce gléigheal gorm agus an-te … go h-aoibhinn scístiúíl!

An tráthnóna sin, chuamar ag siopadóireacht i Reykjavik, nó rinneamar iarracht ar shiopadóireacht a dhéanamh, ach mar gheall ar an gcúlú eacnamaíochta, bhí sé thar a bheith costasach ann!  Fáth amháin le filleadh ar Éirinn is dócha!

Dé Luain, bhí tús luath againn.  Chuamar go dtí an t-Ionad Crith  Talún agus ar an tslí, ní raibh aon ghanntanas bolcán le feiceáil.  D’fhéachamar ar ghearrscannán an-suimiúil san ionad agus d’fhoglaimíomar faoina creathanna talún go léir a raibh ar siúl fad is a bhíomar ann!

Ar an tslí ar ais go Reykjavik stopamar ag trá le gaineamh dubh.  Ansin, bhí colúin basalt cosúil le Carraig an Aifir in Aontraim anseo.  Chun an turas a chríochnú, shiúlamar taobh thiar d’eas ollmhór.  Bhíomar báite ina dhiaidh ach bhí an-chraic againn.

Ba thuras den scoth é an ceann seo go dtí an Íoslainn. Bhí spórt agus spraoi againn ag foghlaim faoin tír álainn seo agus táimid lánchinnte go bhfanfaidh na cuimhní ar leith seo linn go deo.  Mar fhocal scoir, ba mhaith linn buíochas ó chroí a ghabháil leis na múinteoirí a d’eagraigh agus a tháinig linn ar an turas dodhearmadta seo.