Daughters of Charity 2015

Seoirsín Nic Seáin, Anam

23 May, 2015

I mí Éanair 2015, bhí cruinniú ag na cáilíní san Idirbhliain atá mar bhaill den chór. Bhuaileamar le Miss Colgan agus d’inis sí dúinn faoi seó a bheadh ar siúl i gceann cúpla mí. Bhí seó speisialta scríofa ag Myles Breen (go bhfuil clú agus cáil air de bharr a chuid oibre le ceol agus aisteoireacht in Éirinn.) ‘Around The World in 80 Minutes” ab ainm don seó agus bhí sé scríofa i gcomhair Limerick Youth Theatre, an eagraíocht The Daughters Of Charity agus Cór Laurel Hill Coláiste FCJ. Bhí athás an domain orainn nuair a thug Miss Colgan cuireadh dúinn amhráin a chanadh le mná ó Daughters Of Charity sa seó.

Thosaíomar ag cleachtadh go luath tar éis sin. Bhuaileamar leis na mná don chéad uair i mī Feabhra. Thánig said isteach sa scoil le miongháire ar a n-aghaidheanna agus bhí siad réidh don chanadh.  Ó sin ar aghaidh bhí gach duine ag tnúth go mór leis na cleachtaithe gach seachtain. Thógamar cardis iontacha leis na mná áille. Bhí pearsantachtaí móra, lácha acu agus bhí paisean mór acu sa chanadh. Thug sé sin ionsparáid dúinne níos mó fuinneamh a chur isteach sa chanadh.  Tar éis a lán ama bhí na h-amhráin – Africa, Edelwiess agus Dancing Queen – foirfe againn. Bhí na céimeanna damhsa againn agus bhíomar scéitimineach faoi sheoladh an t-seó.

Ar deireadh, shroicheamar an 30ú de Mhárta agus, gléasta mar Cheerleaders, bhíomar réidh don seó .Bhí an taithí go h-iontach agus chanamar go láidir le chéile. Chuireamar a lán fuinneamh isteach agus le Miss Colgan ag tabhairt treoracha agus cúnamh, bhíomar ar fheabhas.

Tar éis an dá oíche, bhí brón orainn slán a fhagáil leis na mná . Bhaineamar a lán taitnimh as an taithí, bhí an-spraoi againn agus caithfidh mé a rá gur mhór an phribhléid dúinn a bheith ag obair leis na mná. Chruthaigh gach duine cairdeas spéisíalta.  Ní dhéanfaimid dearmad go deo ar an taithí . Táim ag tnúth go mór leis an mbliain seo chugainn cheana féin.

OLYMPUS DIGITAL CAMERA