Bailiúchán airgid do “Doras Luimní”

Laura de Bhailís, Anam

Ar an 14ú lá de mhí na Samhna, tháinig bean ón eagraíocht Doras Luimní isteach chun caint linn faoi Doras Luimní.  Roimhe sin luaigh In. Ní Chonchúir an eagraíocht linn ach ní raibh mórán eolais again faoin gcarthanacht agus d’eagraigh sí aoichainteoir dúinn dá réir.

Bhí taispeántas sleamhnán réitithe ag an urlabhraí, Aideen Roche.  Bhí sí ag caint faoi cad a dhéanann an charthanacht.  Tugann Doras Luimní cabhair do na h-inimircigh atá ina gcónaí i Luimneach agus sa Mheán-Iarthair.

Bhí an taispeántas sleamhnán an-suimiúil.  D’fhoghlaim mé go bhfuil foirgnimh timpeall Luimní i gcomhair na              n-inimirceach, mar shampla ar Bhóthar na nDugaí.  Chomh maith le sin d’fhoghlaim mé gur thóg said seasca buachaillí óga isteach sa tír an bhliain seo chaite.

Tar éis na maidne eolais sin bheartaíomar ar airgead a bhailiú i gcomhair Doras Luimní. Bheartaíomar chun pacáistiú málaí a dhéanamh i dTesco in Ionad Siopadóireachta an Chorráin. D’eagraíomar amchlár le sealanna difriúla ag gach duine chun dul I mbun pacála.  Ar an 19ú lá de mhí na Samhna, chuamar go dtí Tesco. Bhí ochtar dínn a tháinig agus a chabhraigh gach uair go leith.

An tseachtain ina dhiaidh sin, d’fhógair In. Ní Chonchúir gur bhailíomar €1759.  Bhí áthas an domhain orainn an méid sin airgid a bhailiú don charthanacht iontach seo.