Beiriste Abú!

Comhghairdeas leis na cailíní ar fad a ghlac páirt sa Chomórtas Uile-scoileanna sa Bheiriste ag an deireadh seachtaine agus ach go h-áirithe le Katie Ní Mhathúna, Róisín Ní Choirc, Aisling-Kate Nic Amhlaoibh Ní Icí agus a tháinig sa dara h-áit sa Chraobh.  Chuaigh na cailíní i mbun na mbord oíche Aoine agus lean siad orthu leis na cartaí go dtí am lóin ar an Domhnach.  Seans gur mhothaigh siad go raibh boinn tuillte acu as bheith taobh istigh ar an gcéad Satharn grianmhar den bhliain ach gearán ní dhearnadar!  Buíochas ollmhór le Rose Pratt- iarthuismitheoir agus oiliúnóir Beiriste na gcailíní – agus le Bn. Uí Shuibhne as bheith leis na cailíní ar feadh na deireadh seachtaine.