Bilbao 2017

Ar an gceathrú lá de Mheitheamh chuamar, scoláirí Spáinnise ó Bhliain 5 is 2, go dtí Bilbao sa Spáinn.  Bhuaileamar lenár dteaghlaigh óstaigh ar dtús agus chuamar ar ais go dtí a dtithe don oíche.  An lá dár gcionn, chuamar go dtí an scoil Spáinnise, dárbh ainm “Instituto Hemingway”.  Bhuaileamar leis an múinteoir agus le daltaí eile sa rang.  D’fhoglaimíomar a lán Spáinnise nua.

Toisc go rabhamar ag fanacht le daoine áitiúla, d’itheamar béilí dúchasacha.  Chun foghlaim faoin mbia freisin, chuamar go dtí an margadh agus fuaireamar blas den chultúr chomh maith tríd na turais ar fad a eagraíodh go h-iarsmalanna.  B’é an ceann ab fhearr ná an ‘Guggenheim’ agus d’fhoghlaimíomar an-chuid faoi ealaín agus cultúr na tíre.  I ndiaidh cuairte go h-iarsmalann tairbhe, bhí ceardlann damhsa againn agus fuaireamar blas den damhsa traidisiúnta, an Salsa.

Bhí an t-ádh linn mar bhíomar an-chóngarach don trá agus gach uile lá, bhí an ghrian ag scoilteadh na gcloch.  Ar an lá deireanach, bhí béile breá traidisiúnta, Paella, againn leis an ngrúpa ar fad.  Bhaineamar sár-sult as ár dturas agus tá súil againn filleadh ar ais arís.

Míle buíochas le h-In. Ní Chonchúir a d’eagraigh an turas ar ár son.