Bliain 2 i gColáiste Acla

le Kate Ní Raghallaigh, Aoife Ní Riain agus Molly Ní Shiail 2A3

Chuaigh gach duine sa dara bliain chuig Coláiste na hAcla le h-aghaidh trí lá an tseachtain seo caite.  D’fhágamar an scoil go luath ar maidin Dé Luain mar ba thuras fada é.  Deirim seo, áfach, thar ceann gach duine sa dara bliain – b’fhiú go mór an turas fada!  Is ait álainn, nádúrtha í  Acaill agus bhaineamar a lán taitnimh as.

Ar an gcéad lá bhíomar roinnte i ngrúpaí difriúla.  Rinneamar rudaí éagsúla – snorcláil portaigh, surfáil agus SSA (Siúl san Abhainn).  Bhí an snorcláil portaigh an-salach agus ní raibh an boladh go deas in aon chor ach bhí am iontach againn – bhí sé an-ghreannmhar.

Ar an dara lá, ní raibh an aimsir chomh maith ach cosúil le saighdiúrí ag tabhairt aghaidhe ar pháirc an chogaidh, chuamar isteach san uisce FUAR ag surfáil.  Bhí an-chraic againn ag foghlaim na scileanna surfála ach ní raibh sé éasca mar bhí na tonnta an-mhór. Bhíomar préachta leis an bhfuacht ina dhiaidh ach fuaireamar “Mi-wadi” te agus ceapairí blasta mar chúiteamh.

Fuacht an focal a thagann chun cuimhne arís maidir leis an Siúl san Abhainn ach faoin am sin bhíomar cleachtaithe leis agus ní raibh aon fhadhb againn leis.

Chuamar freisin ar thuras go dtí Caisleán Ghráinne Mhaoil.  D’fhoghlaimíomar faoina saol agus faoin gcaisleán chomh maith.  Bhí sin an-spéisiúil.  Tráthnónta, rinneamar imeachtaí laistigh den choláiste cosúil le dreapadóireacht/ailleadóireacht agus boghadóireacht.  Tar éis é sin, bhí am scístiúil againn sna tithe chun fáil réidh dona céilithe.  Bhí an-spórt againn ag na céilithe.

Bhíomar ag fanacht le mná tí nuair a bhíomar in Acaill.  Bhí na leapacha agus na seomraí compórdach.  Bhí ceathrar cailíní i ngach seomra ach bhí a lán spáis do gach rud.  Ceapaim go raibh sé an-mhaith go rabhamar le chéile sna seomraí mar d’fhoghlaimíomar rudaí nua, difriúla faoina chéile.  Bhí an bia sna tithe an-mhaith freisin le Spaghetti Bolognese ar an gcéad oíche agus curaí sicíne ar an dara h-oíche.

Rud amháin faoin turas a thaitin go mór linn – ach ní raibh sé éasca – ná nach raibh ár bhfóin phóca againn agus ceapaimid mar sin go ndearnamar níos mó cainte lena chéile … agus bhí spórt agus spraoi againn fós!

Bhaineamar a lán taitnimh as an turas go Coláiste na h-Acla.  Bhí an-bhrón orainn ag dul abhaile.  Ní raibh aon turas cosúil leis sin againn cheana ach mar a deirtear “An rud is annamh is iontach!”