Haca Sinsearach 2019

Colaiste Mhuire v Laurel Hill Coláiste FCJ

Mí-ádh ar an bhfoireann Haca Sinsearach a chaill a gcluiche i gcoinne Coláiste Mhuire ar an 16ú lá d’Eanáir. Níl aon dabht ann, ach gur thug chuile chailín sárthaispeántas haca dúinn sa chluiche, ach sa deireadh, chaill siad. Comhghairdeas Coláiste Mhuire & go n-éirí an t-adh libh.

Junior A Plate Success!

Comhghairdeas ó chroí leis an bhfoireann A sa Haca Sóisearach a d’imir an-chluiche inniu in aghaidh Regina Mundi, Corcaigh, agus a thóg leo an Junior A Plate.  Bhuaigh na cailíní ar scór 3-1 agus ó thús an chluiche ba léir a ndiongbhailteacht sa chur chuige.  Tá aitheantas ar leith ag dul go Christine O’Shea agus an fhoireann traenála ar fad.  Maith sibh!  An-tús curtha leis na laethanta saoire agaibh.

OLYMPUS DIGITAL CAMERA
OLYMPUS DIGITAL CAMERA