Caife agus Ceol

Maidin den scoth anseo leis na “Laurel Hill Ladies”, mar a ghlaofar orthu as seo amach.  Buíochas mór leis na cailíní ó Bhl. 4 + 5 a bhí páirteach leis an Creative Show agus a chuir cístí is ceol den scoth ar fáil dúinn maidin Aoine seo caite.   Many thanks too to Ms. Colgan for all the work that she put into our lunchtime rehearsals, into the Creative Show itself and for giving our girls the most wonderful opportunity to forge friendships with these inspirational women, who love to sing and laugh and eat cake almost as much as the girls do!

Feis Ceoil 2018

Bhí seachtain thar a bheith gnóthach ag an Roinn Ceoil anseo ar scoil.  Thaisteal an Cór Aireagail go dtí an Feis Ceoil i mBÁC ar an Máirt seo caite, an 13ú, le Ms. Colgan, a fhad is go raibh lá saor ag daltaí uile eile na scoile (rud nach raibh éasca in aon chor is dócha) ach gearán dá laghad níor chualamar  óna cailíní céanna thíos.

Tháinig siad sa dara h-áit sa chomórtas agus gan ach marc idir iad agus na buaiteoirí.  Bhí siad ar Nuacht TG4 an oíche chéanna agus ba dheas an rud é iad a chloisteáil i mbun canta agus i mbun agallaimh maidir le tábhacht an cheoil ina saolta scoile.

Inné, bhí comórtas mór eile, an uair seo ba é seal na Ceolfhoirne é agus arís – an gcreidfeá é? – ní raibh ach marc idir iad agus na buaiteoirí.  Bhí lá fada oibre acu agus níor chríochnaigh an comórtas go dtí tar éis a 7i.n.  Gan amhras, tar éis na h-oilitreachta traidisiúnta ar Dhún Droma, bhí sí ina meánoíche sular fhilleamar ar an mbaile.   Ní h-aon bhréag í a rá gur léir cúpla ceann codlatach timpeall na scoile inniu!  Maith sibh, a chailíní, agus míle buíochas le Ms. Colgan as ucht an ullmhúcháin agus na h-oibre ar fad!

Return to Storyland

Bhí dhá oíche fhíorspeisialta ag ár gcailíní ó Bhl. 4 + 5 a  bhí páirteach sa Creative Show ar an Déardaoin agus Aoine seo caite.  For the last few months, the ladies from The Daughters of Charity have been coming into our school at lunchtime on Fridays to practise for the show with our 4th and 5th year Choir girls.  The fruits of their hard work and the heart-warming friendships that have come from the partnership were clear in their  wonderful performances at the  Limetree Theatre.  The show, directed by Myles Breen, with movement pieces choreographed by Angie Smalis and Jane Toal, is a collaboration between members of Limerick Youth Theatre and service users from the Daughters of Charity Service and it is one of the highlights of our involvement with the wider community here in Limerick.  Buíochas mór leis na cailíní a bhí chomh mórchroích sin lena gcuid am agus le h-El Gleeson, a tháinig ar ais chugainn chun bheith páirteach sa tionscnamh- and without whom the ladies from The Daughters of Charity would most certainly have gone into tea-withdrawal.  Gan amhras, tá buíochas ollmhór tuillte ag Ms. Colgan, who just keeps on giving!  Go raibh míle maith agat!

Choir + UL Orchestra’s Xmas Concert

Bhí oíche den scoth againn ag Ceolárás Ollscoil Luimní ar an Satharn 9ú Nollaig nuair a bhí ár gCór Scoile mar aíonna speisialta ag an gCeolchoirm Nollag a bhí ag Ceolfhoireann Ollscoil Luimní.  Chan an cór réimse álainn amhrán ar an oíche ón gceol clasaiceach go h-amhráin an lae inniu.  An added bonus on the night was the fact that so many of our past and present pupils, current members of the UL Orchestra, accompanied our chorists on stage. Buíochas ollmhór le Ms. Colgan, a rinne éacht chun an cór a chur ar an ardán arís tar éis cúpla seachtain thar a bheith gnóthach de scrúduithe, taithí oibre TY agus an iliomad imeachtaí seach-churaclaim eile.  Ár gceol tú!

The Irish Memory Orchestra

Comhghairdeas ó chroí le Sorcha​ ​Nic​ ​an tSionnaigh​ ​5A1, a fuair áit i mbliana ar Cheolfhoireann Náisiúnta na Cuimhne.  Seo a cuntas féin mar gheall ar an gCeolfhoireann agus an onóir a bhain le bheith páirteach i dtionsnamh dá léithéid:

“The Irish Memory Orchestra is a uniquely Irish Orchestra, founded by composer Dr. Dave Flynn in 2012.  Based in Clare it features musicians,
drawn from all quarters of the world, who are skilled in either classical
music or traditional Irish music.  The focus is on the presentation of Irish
traditional music, old and new, in contemporary orchestral settings.  The 80
piece orchestra is the first and only one in the Western world to play
exclusively from memory.  At the recent World Premiere of Dave Flynn’s brand new Memory Symphony at Dublin’s Christchurch Cathedral only the conductor, Bjorn Bantock, had sheet music in front of him. The rest of the orchestra committed the entire symphony (25 minutes) along with extracts from other works of his to memory.

I know this is absolutely the case as I was privileged to be selected to take
part in the 2017 Irish Memory Orchestra Apprentice Programme. The
month of October was spent at home learning and memorising the various
tunes that form the basis of the symphony.  Once this task was complete it
was off for a “bootcamp” week in Athenry, Co. Galway along with the other apprentices, some of the twenty professional musicians involved (including
Dave Flynn and Mairtin O’ Connor), and the conductor, to work together on
the classical-style arranging of the music and bring it up to performance
standard.  It was an incredible opportunity for us amateur musicians to
experience the level of intense preparation required for a professional
performance.  It was hard work and the days were long but it was absolutely
enjoyable, playing beautiful music in a new and unique environment,
making new musical friends, renewing old friendships (Áine Humphries,
Siansa 2016)”.

Maith tú, a Shorcha!

Cork Pops Abú!

Bhí an-lá inné ag Bl. 1 ag Ceolchoirm bhliantúil an Cork Pops i Halla na Cathrach i gCorcaigh. This year’s theme was “Harp Magic” and the girls were treated to a wonderful orchestral performance with soloist, Jean Kelly, the Cork-born harpist currently based in London, playing both concert and electric harps.  Keith Hanley, former winner of The Voice of Ireland, was another highlight of the concert and he had the girls jamming in the aisles (sna suíocháin ar a laghad!) in jig-time. Buíochas mór le Coiste Ceoil Bhl. 5 a bhí chomh gnóthach sin ag coimeád súil ar Bhl. 1 i rith an lae is nárbh fhéidir leo na súile céanna a choimeád ar oscailt ar an mbealach abhaile! Buíochas freisin gan amhras le Ms. Colgan a d’eagraigh an turas agus leis na múinteoirí eile a thaistil ar an lá.

Silverware in Cork!

Congratulations to our 130+ member choir, which scooped the Special Award yesterday for the performance of a piece in the Irish language at the Cork Choral Festival.  The winning song “Fionnghuala” was a challenging piece of music, but our girls rose to the challenge and the occasion and wowed the audience with a stunning performance.  Well done to Ms. Colgan, whose Easter rehearsals and hard work over the school year paid dividends in silverware at the Competition and gave great joy to all present.  Maith sibh ar fad!

#Goggle Box sa Lime Tree

If you haven’t already done so, grab your tickets for tonight’s finale of “#Goggle Box” presented by “The Creative Show” – a partnership production between the Daughters of Charity, Limerick Youth Theatre, Laurel Hill Coláiste and, for the first time, Ardscoil Rís.  As is its wont, this show will entertain and delight and remind us all of the joy of performance and of realising our full potential.  Míle buíochas to Myles Breen, writer and director, to our own Ms. Colgan – who just keeps on “giving” – and to Donal Sherlock from the Daughters of Charity who has facilitated this wonderful partnership between the girls of Laurel Hill Coláiste and the Daughters of Charity.

 

Ceoláras Náisiúnta ag Glaoch Arís!

Comhghairdeas mór ó chroí lenár ngrúpa traidisiúnta, ‘Imreasc’, atá tar éis dul tríd go Craobhchomórtas Siansa Gael-Linn don dara bliain i ndiaidh a chéile!  Roghnaíodh ocht mbanna traidisiúnta ón tír ar fad agus tá ár gceoltóirí féin ina measc – ábhar mór bróid gan aon agó.  Beidh ócáid fhíorálainn againn ar an 2 Aibreán sa Cheoláras Náisiúnta agus guímid gach rath ar ár gceoltóirí iontacha.  Buíochas ollmhór tuillte ag a meantóir agus múinteoir ceoil, ár n-iarscoláire – Deirdre Ní Mhaoláin.

Ceadal Lóin ag UL

Comhghairdeas le Ms. Colgan agus lenár gceoltóirí ar fad a ghlac páirt sa cheadal lóin álainn a bhí ag an Irish World Academy of Music and Dance in Ollscoil Luimní ar an gCéadaoin seo caite.  Bhain gach éinne a bhí i láthair sárt-thaitneamh as an gceolchoirm.  Buíochas freisin le Mr. Trevor Selby a thug tionlacan is tacaíocht dúinn mar is gnáth dó.