Rowing Success!

Comhghairdeas lenár scoláirí 3ú bliana, Niamh Ní Chadhla, Ciara Ní Chadhla and Róisín Ní Chonchúir a bhuaigh an bonn airgid ag an deireadh seachtaine i gCraobh Rámhaíochta Sóisearaí na mBan F.18.  Niamh also won silver in the Women’s Under 16 Scull, a fantastic achievement in a a competition of 51 entries.  Maith sibh go léir!

“Get Going, Get Rowing” Winners

Comhghairdeas lenár bhfoirne rámhaíochta a tháinig sa chéad agus sa cheathrú h-áit sa Chomórtas “Get Going, Get Rowing” a bhí ar siúl i mBaile Átha Cliath ag an deireadh seachtaine.  Pictured above are gold medallists, Grace de Priondargást, Róisín Ní Chonchúir, Ciara Ní Chadhla, Niamh Ní Chadhla agus Áine Nic Philib agus anseo thíos tá an dá fhoireann le chéile. Bhí an-lá chomh maith ag Anna Nic Cárthaigh, Anna-May ó LHS, Sorcha Blárach agus Sorcha Nic Seoinín a tháinig sa cheathrú h-áit ar an lá.  Mar fhocal scoir, ba mhaith linn buíochas mór a ghabháil le h-In. Ní Anlúin a thaistil leis na cailíní ar son na scoile.

Buail an Bóthar

Cuireadh tús anseo ar scoil leis an bhfeachtas Cathrach “Beat the Street” nó “Buail an Bóthar”, mar a thugaimid air anseo i LHC cúpla seachtain ó shin.  Tá aidhm déthreorach ag an bhfeachtas: daoine a spreagadh chun dul i mbun siúlóide nó rothaíochta le feabhas a chur ar a sláinte fhisiciúil agus gan amhras má ghearrfar siar ar úsáid carranna, beidh bua don timpeallacht chomh maith.  Buíochas le h-In. Ní Chantrail as ucht muid a spreagadh chun ár gcartaí “Beat the Street” a chur chun úsáide!

Turas Eachtraíochta do Bhl. 1

Bhí lá den scoth ag Bliain 1 i gCill Dá Lua ar an Máirt nuair a bhí idir churachóireacht, chlársheoltóireacht agus dhreapadóireacht ar siúl acu ag Ionad Eachtraíochta Ollscoil Luimní. Lá álainn a bhí ann leis an ngrian ag spalpadh anuas orthu agus fuair siad a gcéad bhlaiseadh den samhradh. Míle buíochas le Ms. Cantrell a d’eagraigh agus le h-In. Ní Chlúmháin agus In. Ní Riada a chuaigh in éineacht leis na cailíní.

Beirt Laochra Spóirt

Comhghairdeas le Kara Gupta i mBl. 3.  Kara qualified for the Junior Equitation Class in the RDS this summer.

Comhghairdeas chomh maith le Jenna Ní Shlatara i mBl. 1 a roghnaíodh don Gaynor Cup sa sacar a bheidh ar siúl i UL i Mí Mheithimh.  Jenna was also picked to play for the U-14 County Soccer Team in the Viking Cup in Waterford during the Easter Break. Maith sibh a chailíní!

Cruicéad an Choláiste

Laurel Hill Coláiste 1st year girls were history makers recently when they took part in the first-ever Munster region all-girls secondary school cricket tournament for the inaugural Philippa Guinness Trophy. 120+ first year girls from Laurel Hill Coláiste and Castletroy College braved a very cold Limerick morning to showcase the skills they have developed during coaching sessions from Cricket Ireland’s Regional Development Officer for Munster, Jim Doran.  The event, which attracted interest from Cricket Ireland International players, Ciara Metcalfe and Isobel Joyce, saw Laurel Hill Coláiste take the trophy after 8 hard fought matches between the school teams.  The Laurel Hill girls can be justifiably proud of their efforts as they won 6, tied 1 and lost just 1 of the 8 matches. They’ll get the chance to retain the trophy when the next running of the tournament for the Philippa Guinness trophy takes place in the 2017 summer term.

lch-photo-2 lch-and-cc-group-photo