Ceoláras Náisiúnta ag Glaoch Arís!

Comhghairdeas mór ó chroí lenár ngrúpa traidisiúnta, ‘Imreasc’, atá tar éis dul tríd go Craobhchomórtas Siansa Gael-Linn don dara bliain i ndiaidh a chéile!  Roghnaíodh ocht mbanna traidisiúnta ón tír ar fad agus tá ár gceoltóirí féin ina measc – ábhar mór bróid gan aon agó.  Beidh ócáid fhíorálainn againn ar an 2 Aibreán sa Cheoláras Náisiúnta agus guímid gach rath ar ár gceoltóirí iontacha.  Buíochas ollmhór tuillte ag a meantóir agus múinteoir ceoil, ár n-iarscoláire – Deirdre Ní Mhaoláin.