Ceolchoirm Childline

Margaret Ní Eislín, Anam

3 March, 2016.

DSC06374

Ar an 21ú lá de mhí na Samhna, bhí ceolchoirm ar siúl i LIT agus bhí cór na scoile ag canadh inti. Reachtáil Music Generation an cheolchoirm chun airgead a bhailiú don líne chabhrach ríthábhachtach, Childline.

Rinne an cór, faoi stiúr Miss Colgan, a lán cleachtaidh don cheolchoirm. Ar an gCéadaoin roimh an gceolchoirm, tháinig Kathleen Turner chuig ár scoil chun cleachtadh a dhéanamh leis na cailíní ón gcór. Chanamar trí amhrán a scríobh Kathleen í féin – Sweet Talker, Reach out agus Time.

B’é Myles Breen fear an tí ar an oíche agus bhí sé an-ghreannmhar. Bhí éagsúlacht an-mhór de bhannaí ceoil agus amhránaithe le gach aon saghas stíl acu chomh maith. Bhí aoíonna speisialta ann ar nós Tommy Drennan, seanathair Laura i mBl 3, agus Gene Rooney, an mezzo-soprano.

Ba rud iontach í an cheolchoirm le déanamh mar gan amhras scaip sé eolas faoi Childline agus an obair iontach a dhéanann siad. Bhí áthas an domhain ar an gcór é a dhéanamh agus caithfimid buíochas a ghabháil le Miss Colgan agus le Music Generation as ucht an seans a thabhairt dúinn bheith páirteach sa tógra fíorfhiúntach seo.