Cooper ag tacú le LHCamógaíocht

Lá ríméadach, sceitimíneach a bhí ann ar an 24 Samhain d’fhoirne camógaíochta Laurel Hill nuair a tháining laoch mór peile ina measc – an Ciarraíoch clúiteach, Colm Cooper.  Bhronn Cooper a gcuid bonn ar na h-imreoirí agus ba léir bród na gcailíní ar an lá.  Buíochas gan amhras le h-In. Bhreathnach ó LHC agus leis an Máistir McKenna ó LHS as ucht na h-oibre uile a chuireann siad isteach i dtraenáil ár n-imreoirí óga.