Cuairt na bhFrancach

Éabha Ní Scanláin, Cuisle

20 April, 2016

Ar an 3ú lá d’Aibreán tháinig cuairteoirí ó Niort, sa Fhrainc, chun fanacht linn le h-aghaidh na seachtaine anseo i Luimneach. Bhí orainn iad a bhailliú ón scoil ar a naoi a chlog san oíche ar an Domhnach. Christelle an t-ainm a bhí ar mo chara ón bhFrainc.  Chuamar abhaile, bhuail sí le mo chlann, bhí cupán tae aici linn agus ansin, toisc go raibh tuirse uirthi ón turas, chuaigh sí a luí.

Ar an Luan tháinig na scoláirí Francacha linn ar scoil agus bhí fáiltiú ar leith réitithe againn dóibh le ceol, bia agus damhsa Éireannach. Bhí turas acu timpeall na scoile agus tar éis é sin shiúlamar go léir chuig an mbaile mór go Halla na Cathrach chun bualadh leis an Méara. Labhair sé linn agus tar éis sin bhíomar go léir saor chun ár ngníomhaíochtaí féin a dhéanamh.

Ansin san oíche, ar a hocht a chlog, bhuaileamar go léir le chéile chun babhláil a dhéanamh agus bhaineamar an-taitneamh as. Ar an Máirt bhí oíche scannán againn i mo theach le mo chara agus a peannchara. Ar an gCéadaoin thógamar iad chuig cluiche iománaoichta – Luimneach i gcoinne an Chláir.  Bhuaigh Luimneach agus bhíomar chomh sásta.  Chuamar chuig an bpictiurlann chun ‘The Huntsman’ a fheicéail ina dhiaidh sin. Lá thar a bheith taitneamhach a bhí ann.

Ar an Déardaoin thainig sí abhaile déanach agus bhí an-tuirse uirthi. Rinne mé bia di agus chuaigh sí díreach a codladh chun bheith réidh le h-aghaidh an lae ghnóthaigh dar gcionn.  Ar an Aoine tar eis scoile bhuaileamar leí sa bhaile agus chuamar ag siopadóireacht. Tar éis sin chuamar abhaile chun fáil réidh don chóisir a bhí eagraithe i gCuanach.  Thosaigh sé ar a ??? ; bhí ceoil, craic agus bia againn roimh dhul abhaile ar a 10.  Ar an Satharn thóg me Christelle chuig Baile Átha Cliath le haghaidh an lae. B’shin a céad uair san ardchathair agus thaitin sé go mór lei.  Rinne sí an-chuid siopadóireachta  agus bhíomar tuirseach traochta ag dul abhaile an oíche sin.  Ar an Domnach d’eirigh mé an-luath chun Christelle a thógaint chuig an mbus ar a 7 a chlog.  Dúirt gach uile duine slán agus bhí an-chuid de na hÉireannaigh agus na Francaigh ag caoineadh nuair a bhí sé in am a chéile a fhágail.

Bhaineamar go léir an-taitneamh as cuairt na bhFrancach.  Taithí iontach a bhí inti – seans den scoth chun cairde nua a dhéanamh.  Buíochas leis na múinteoirí ar fad a chuir an deis dodhearmadta seo ar fáil dúinn.