Cúrsa Innealtóireachta in LIT

Erika Ní Chonaill, Anam

I mí  na Samhna, chuaigh grúpa mór de mhuintir na hIdirbhliana chuig LIT chun Cúrsa Innealtóireachta a dhéanamh. Chaitheamar dhá lá ann agus tháinig an Maistir Mac Donnchadha linn.

Ar an gcéad lá, labhraíomar le baill den Roinn Innealtóireachta faoi innealtóireacht agus gach rud a bhí ag baint leis.  Thosaíomar ag déanamh pleanála i ngrupaí beaga ar tháirgí beaga a ndéanfadh cur chun cinn ar ár scoil.  Tharraingíomar sceitseanna difriúla den táirge agus ansin thairraingíomar struchtúr bunúsach dó ar SolidWorks, bogearra innealtóireachta.

An dara lá, bhí na táirgí á gcruthú againn.  Tógadh muid chuig seomra na meaisíní chun an próiséas a fheiceáil.  Sheol gach ríomhaire línte cóid ó SolidWorks go dtí an meaisín. Ag úsáid an chóid mar threoracha, ghearr an meaisín gach táirge amach as bloc alúmanaim.  Tháinig na táirgí amach as an meaisín ag féachaint go hiontach. Bhíomar chomh buíoch as gach duine a chabhraigh linn le linn an chúrsa agus bhí dhá lá suimiúil, oideachasúil agus spraíúil againn.