Dúshlán 50

Áine Nic Caochlaoich, Isobel Wheeler agus Sadhbh Ní Choileáin

Is muidne triúr as bliain a cúig, Áine, Sadhbh agus Isobel. Tá dúshlán á dhéanamh againn a d’eagraigh Conradh na Gaeilge. Tá 50 dúshlán le déanamh i 50 uair – rudaí spraoiúla agus rudaí níos dáiríre a spreagann an Ghaeilge i measc an phobail. Bhí orainn cúntas Twitter a chruthú agus gach dúshlán a rinneamar, chuireamar an fhianaise suas ar Twitter. Is imeacht iontach é, agus glacann na céadta daltaí páirt ann. Spreagann sé daltaí na méain shóisialta a úsáid as Gaeilge, a bpolaiteóirí áitiúla agus réiligiúnda a cheistiú faoin nGaeilge, agus tacaíocht a thabhairt do chomhlachtaí áitiúla a thacaíonn leis an nGaeilge. Tá Mannequin Challenge, ciorcal comhrá agus a lán rudaí eile déanta againn. Táimid ag baint an-sult as a bheith ag tógaint páirte sa chomórtas náisiúnta seo, agus is deis iontach í an Ghaeilge a scaipeadh. An Ghaeilge abú!