Imeachtaí Gaelacha

Sa scoil seo tá an Ghaeilge agus gach a mbaineann léi thar a bheith tábhachtach. Tá Club Gaelach an-ghníomhach (5úbl.) againn. Eagraíonn siad imeachtaí éagsúla i rith na scoilbhliana mar – Tráth na gCeist, Díospóireachtaí, Céilithe, Scór, mar aon le h-imeachtaí eile i rith Sheachtain na Gaeilge. Freisin sa scoil tá grúpa traidisiúnta ceoil agus bíonn ranganna áirithe rannpháirteach i gcláracha as Gaeilge le Wired F.M. Bíonn scoláireachtaí go dtí an Ghaeltacht ar fáil sa scoil gach bliain agus tá sé mar sprioc againn grá don Ghaeilge agus dár gcultúr a chothú i measc na ndaltaí. Is cuid thábhachtach de shaol Gaelach na scoile é An t-Aifreann as Gaeilge.