Feis Ceoil 2018

Bhí seachtain thar a bheith gnóthach ag an Roinn Ceoil anseo ar scoil.  Thaisteal an Cór Aireagail go dtí an Feis Ceoil i mBÁC ar an Máirt seo caite, an 13ú, le Ms. Colgan, a fhad is go raibh lá saor ag daltaí uile eile na scoile (rud nach raibh éasca in aon chor is dócha) ach gearán dá laghad níor chualamar  óna cailíní céanna thíos.

Tháinig siad sa dara h-áit sa chomórtas agus gan ach marc idir iad agus na buaiteoirí.  Bhí siad ar Nuacht TG4 an oíche chéanna agus ba dheas an rud é iad a chloisteáil i mbun canta agus i mbun agallaimh maidir le tábhacht an cheoil ina saolta scoile.

Inné, bhí comórtas mór eile, an uair seo ba é seal na Ceolfhoirne é agus arís – an gcreidfeá é? – ní raibh ach marc idir iad agus na buaiteoirí.  Bhí lá fada oibre acu agus níor chríochnaigh an comórtas go dtí tar éis a 7i.n.  Gan amhras, tar éis na h-oilitreachta traidisiúnta ar Dhún Droma, bhí sí ina meánoíche sular fhilleamar ar an mbaile.   Ní h-aon bhréag í a rá gur léir cúpla ceann codlatach timpeall na scoile inniu!  Maith sibh, a chailíní, agus míle buíochas le Ms. Colgan as ucht an ullmhúcháin agus na h-oibre ar fad!