Foireann Díospóireachta “Concern”

Comhghairdeas leis an bhfoireann díospóireachta  ó Bhl. 5 a ghlac páirt sna Díospóireachtaí Concern agus a bhí i mbun argóna arís roimh laethanta saoire.  Cé nár thógadar an rún leo ar an ócáid áirithe sin, bhíomar an-bhrodúil as an taispeántas bríomhar, aibí a chuir Rachel, Kate, Orlagh agus Sophie os ár gcomhair.  Míle buíochas le h-In. Ní Luinneacháin agus In. Chapple a rinne an-chuid oibre leis na cailíní agus le h-In. Real chomh maith a thug lámh chúnta leis an ullmhúchán.