Gaeilge 24

D’éirigh go h-iontach inné leis an bhfeachtas náisiúnta – Gaeilge 24 – go raibh sé mar aidhm aige scoláirí na tíre a chur ag labhairt Gaeilge i gcomhair ceithre h-uaire fichead.  Faoi stiúr In. Ní Choileáin, In. Ní Sheaghdha agus In. Ní Ríordáin, thaispeáin scoláirí Bhl. 5 agus 4 a ngrá don teanga agus dúthracht ar a son do chách timpeall orthu.  Gníomh álainn, croí-oscailteach ó scoláirí LHC ar son na Gaeilge.  Beatha teanga í a labhairt gan amhras.  Tréaslaímid libh go léir!