Gaelbhratach 2017

Comhghairdeas leis na daltaí ar fad sa Chumann Gaelach, go h-áirithe cailíní Bhliain 5, a thóg leo an Ghaelbhratach arís i mbliana.  Faoi stiúr In. Ní Choileáin agus In. Ní Sheaghdha, d’éirigh linn an Ghaelbhratach a ghnóthú mar gheall ar an iliomad imeachtaí a cuireadh ar bun i mbliana chun an Ghaeilge a chur chun cinn inár measc.  Is fíor don seanfhocal: “An té a chuireann san Earrach, baineann sé san Fhómhar”.  Maith sibh!