Gaelbhratach Gnóthaithe Arís!

Dea-scéal!  Gaelbhratach bronnta orainn arís i mbliana.  Comhghairdeas ollmhór leis an gCumann Gaelach a rinne a lán oibre i mbliana chun Gaeilge a chur chun cinn inár measc.  Buíochas speisialta leis na cailíní a bhuail leis an meántóir ó Ghael-Linn – Céití, Ceara, Róisín, Ava, Charlotte agus Muirne.  Dúirt sí go raibh sibh go h-iontach, a chailíní!  Bronnadh le bheith i mBÁC ar an 21ú Bealtaine.  Buíochas freisin leis na múinteoirí ar fad a chabhraigh – In. Nic Cumhaill, a stiúraigh, In. Ní Sheaghdha, In. Ní Choileáin agus In. Ní Áinle.  Cúpla pictiúr thíos ón Lá Spóirt inné.  Go raibh míle le h-In. Cantrell agus leis an gCoiste Spóirt, a bhí linn ar an lá.