Get West 2018

Aisling-Cáit Nic Amhlaoibh Ní Icí agus Gillian Ní Chóiplí, Solas

Aisling:  Ar an gCéadaoin, an 11ú Aibreán, tháinig Get West chuig an scoil chun gníomhaíochtaí éagsúla eachtraíochta a dhéanamh linn.  Scoilt siad muid i ngrupaí difriúla.  Bhí Gillian agus mé féin sa ghrúpa céanna, le 13 dínn ann san iomlán agus bhíomar ag caitheamh léinte glasa.

Gillian:  An chéad ghníomhaíocht a rinne ár ngrúpa ná boghdóireacht.  Roinneadh muid i ndá fhoireann agus ansin bhí comórtas eadrainn.  Bhí orainn na daoine ar an bhfoireann eile a bhualadh leis na saighid.  Bhí an bua ag an ngrúpa leis an méid is mó buillí.  Tar éis sin bhí orainn obair le chéile chun cleachtaí tógála foirne a dhéanamh.

A:  Mar shampla, bhí orainn an abhainn a thrasnú ag úsáid 4 bhloc agus bhí orainn é a dhéanamh agus an clog orainn.  Ansin, bhí sos 10 noiméad, le zorbing ina dhiaidh.  Chuamar isteach sa liathróid mhór líonta le h-aer agus bhí timpeall 5 nóiméad spraoi ag gach duine ag rolladh timpeall na h-áite.

G:  Ina dhiaidh, rinneamar níos mó cleachtaí tógála foirne. Ansin, bhí 45 nóiméad againn don lón agus thosnaíomar tar éis lóin le cluiche le liathróid.  Bhí orainn liathróid a chaitheamh i dtreo balla agus fuaireamar pointí dá n-éireodh linn na spriocanna áirithe ar an mballa a bhualadh. Bhí comórtas againn agus bhaineamar ar fad an-sult as.

A&G: Don ghníomhaíocht dheireanach thug ár ngrúpa aghaidh ar an mballa dreapadóireachta le clogaid agus úmacha.  Chríochnaíomar le dúshlán!  Bhí lá den chéad scoth againn … agus d’fhan sé tirim don lá ar fad.  An rud is annamh is iontach!