Gradam Compánachais

Comhghairdeas le buaiteoir na bliana, Kristina Ní Bhriain, a ainmníodh don ghradam fíorspeisialta seo mar gheall ar an lámh chúnta agus ar an gcairdeas a bhronann sí ar gach éinne timpeall uirthi.  Léiríonn sí, agus léirigh óna céad lá riamh anseo linn, spiorad na scoile i measc a comhscoláirí agus pobal uile na scoile.

Tugadh aitheantas speisialta agus rinneadh bronnadh chomh maith ar bheirt scoláirí ó Bhl. 5, Beth Ní Chuileagáin Riain agus Tess Nic Lochlainn, agus ar bheirt ó Bhl. 2, Áine Ní Annáin agus Ellie Ní Chearmada, a thaispeánann an spiorad céanna i measc a gcomhscoláirí.

Maith sibh uilig!