Haca 2015-2016

Cathy Ní Thuathail, Cuisle

10 May, 2016

IMG-20160415-WA0005

 

 

Bhí bliain iontach ag foirne haca na scoile i mbliana. I mí Mheán Fómhair chuaigh an grúpa imreoirí sinsearacha go dtí An Bhreatain Bheag ar thuras. Chuamar go dtí cúpla scoil chun chluichí a imirt agus d’fhanamar in óstán beag. Chuireamar aithne níos fearr ar a chéile agus bhí an-spraoi againn.

Tar eis an turais thosaigh ár gcluichí, tábhachtacha anseo sa bhaile. D’éirigh go maith leis an dá fhoireann shinsearach sa sraithchomórtas. Bhí an t-ádh ar an bhfoireann shinsearach A nuair a thuilleamar áit sa chluiche leath-cheannais sa Chorn i gcoinne Mount Mercy. Rinneamar an-chuid cleachtaidh agus traenála roimh an gcluiche mór. Bhí an scoil go léir ag faire ar an gcluiche agus ag tabhairt tacaíochta. Thug sé sin an-mhisneach dúinn ach go mí-ámharach ní raibh an bua againn. Bhí an-brón ar an bhfoireann ach bhíomar an-sásta le cé chomh fada a ndeachamar sa chomórtas.