Lá Eolais RSA

Rebecca Ní Ríogáin, Anam

Bhí an lá seo eagraithe chun eolas a thabhairt do scoláirí mar gheall ar a bheith sábhailte ar na bóithre.  Ar dtús bhí aisteoirí ag cur taispeántais ar siúl de thimpistí bréagacha.  Bhí topaicí eagsúla acu a bhain leis na dáinséir go léir a mbíonn ann nuair atá duine ag tiomáint, cosúil le h-úsaid fón póca, alcól, drugaí, chomh maith le bheith ag sárú teorainneacha luais agus gan a bheith ag caitheamh crios sábhála.

Bhí scannán beag acu i gcomhair gach uile dáinséar agus a rinne athchruthú ar na taismí bóthair éagsúla.  Freisin, bhí tuismitheoirí ag caint, nó duine a bhí i dtimpiste ag labhairt linn go díreach.  Tháinig fear suas chun  labhairt linn le haghaidh cúpla nóimead, mar shampla, a bhí i dtimpiste uafásach agus a bhí fágtha mar phairiliseach agus le bac urlabhraíochta.  Bhí sé fíor-chróga.   Ag deireadh a chuid cainte, ní raibh aon duine nach raibh ag sileadh na ndeor.  Lá an-oideachasúil agus maith ab ea é. Bhí sé go h-iontach chun gach rud a fheiceáil agus chun éisteacht leis na daoine seo ar fad go bhfuil táithí ró-mhaith acu, faraor, ar na dáinséir a bhaineann lenár mbóithre.