Mamma Mia

Katie Ní Ghliasáin, Anam

Ag tús na bliana bhí grúpa cailíní pioctha chun a bheith páirteach sa cheoldráma Mamma Mia leis na buachaillí ó Glenstal Abbey.  Bhí dhá mhí againn chun an ceoldráma a chur le chéile. Bhíomar an-ghnóthach leis na cleachtaí. De ghnáth, bhí tráthnóna amháin den tseachtain a raibh an cór istigh le h-aghaidh damhsa agus canta agus bhí na cailíní leis na príomhpháirteanna istigh suas le trí thráthnóna gach seachtain i gcomhair canta agus don aisteoireacht. Bhíomar an-ghnóthach an tseachtain roimh dul ar stáitse. Bhí cleachtadh againn gach lá den tseachtain  chun na pointí críochnúla a chur i bhfeidhm.

 

Ar an oíche oscailte bhí sceitiminí an domhain ar gach duine, mise ach go háirithe, timpeall an léiritheora, Sarah Moloney, agus thosaigh sí ag caint linn faoin méid ollmhór oibre a bhí curtha isteach againn agus go raibh sí an-bhródúil asainn.  Fós bhí mé neirbhíseach go dtí go raibh mé ag siúl amach ar an stáitse agus ansin ní raibh mé neirbhíseach ar chor ar bith mar bhí me ag déanamh rud éigin a raibh grá an domhain agam dó.

Bhí an chéad oíche beagnach foirfe agus faoin am a tháinig an oíche dheireanach bhí gach rud tharr barr. Bhí am iontach againn amuigh ar an stáitse agus i rith na gcleachtaí go léir. Bhí níos mó drámaíochta ar uairibh ag baint leis na cleachtaí ná mar a bhí sa cheoldráma ach ní athróinn é ar ór na cruinne.  Ba thaithí den scoth í!