Na Francaigh in Éirinn

Máire-Cáit Ní Chearbhalláin, Cuisle

Tháinig na Francaigh go dtí Éire ar an 1ú Aibreán agus thosaigh seachtain iontach!  Bhí an deireadh seachtaine saor againn chun aon rud a dhéanamh.  Ar an Luan, chuamar ar scoil agus bhi ceolchoirm bheag againn. Thaispeánamar ar gceol traidisiúnta agus damhsa dóibh agus bhain siad an-taitneamh as.  Ansin, thaispeáin an 5ú Bliain an scoil dóibh agus dúirt siad go raibh sé an-difriúil óna scoil féin.  Chuaigh siad go dtí Caisleán Rí Eoin tar éis an turais timpeall ár scoile.  Ar an Máirt, chuaigh siad go dtí an Bhoireann agus timpeall thuaisceart an Chláir.  Chuir siad an-chuid spéise in áiteanna mar Lios Dún Bhearna agus Poll na Brón.

Ar an gCéadaoin, chuaigh siad timpeall chathair Luimnigh agus go dtí Halla an Cathrach agus bhuail siad leis an méara.  Ina dhiaidh thug siad aghaidh ar Dolans chun iasc agus sceallóga a fháil agus beagán damhsa a dhéanamh.  Ar an Déardaoin chuaigh siad go Gaillimh, go dtí Halla an Cathrach ansin arís, agus fuair siad seans roinnt siopadóireachta a dhéanamh agus chonaic siad na “radhairc thurasóireachta”.  Ar an Aoine, chuaigh siad chuig ionad athchúrsála agus bhí turas dóibh timpeall an ionaid athchúrsála.  Chuaigh siad abhaile ar maidin Dé Sathairn agus bhíomar an-bhrónach.  Bhí seachtain iontach ag ár gcomhdhaltaí Francacha agus againne freisin.