“Our House”

Ceara Bhreathnach, Anam

Gach bliain oibríonn Cnoc na Labhras le Scoil Ghleann Stail chun dráma a chur ar siúl.  I mbliana, bhí “Our House” (le Madness) ar an ardán. Ar dtús, phioc na léiritheoirí buachaillí agus cailíní chun a bheith ag aisteoireacht. Ní raibh ach dhá mhí againn chun a bheith réidh i gcomhair an tseó.

Bhíomar ag obair go crua.  B’éigean dúinn dul amach go Gleann Stail dhá nó trí huaire sa tseachtain. Bhíomar ag damhsa, ag canadh agus ag aisteoireacht (le cúpla cluiche deas ag rith tríd cleachtaithe chun cairdeas a chothú).

Faoin tríú seachtain i Mí na Samhna, bhí sé in am ár gcleachtadh a chur i gcrích. Bhí gach duine neirbhíseach ar dtús mar go mbeadh ár gclanna, cairde agus daoine eile ón bpobal ann. Ach, nuair a bhíomar ar an stáitse, bhí sceitimíní orainn agus scoirr an t-am uainn.

Bhí trí oíche againn chun an dráma a thaispeáint do gach duine. Ar an oíche dehireanach, bhí an halla i nGleann Stail dubh le daoine agus faoi dheireadh, bhí an fhoireann léirithe—Martin, Stacey agus Michael – bródúil as gach duine.

Bhí brón orainn go rabhamar críochnaithe leis an gceoldráma ach bhí a lán cairde nua againn agus thug an dráma seo ionspioráid dúinn chun níos mó drámaí a dhéanamh sa todhchaí!