Clodagh Nic Conmara, Solas
Tháinig aoi-chainteoir isteach chugainn le déanaí ó Trust Peter McVerry. Thug sé cur i láthair gearr faoina fadhbanna atá ag daoine gan dídeán. Oráid mhaith a bhí inti. Labhair sé faoina cúiseanna eagsúla a bhíonn mar fháthanna go bhfaigheann daoine iad féin gan dídeán, cosúil le h-easpa tithíochta sa tír nó mí-úsáid drúgaí. Ansin labhair sé faoin Peter McVerry Trust agus an obair a dhéanann siad le agus i gcomhair daoine gan dídeán. Bhí gach duine ag éistaecht mar urlahraí an-mhaith ab ea é. Rinne sé a dhícheall aon cheist a bhí againn a fhreagairt ag an deireadh.
Oibríonn an Peter McVerry Trust le daoine óga ach go háirithe agus an aidhm is mó atá acu ná tithe buana a aimsiú do dhaoine. Tá siad tar éis tosnú ag obair i gcathair Luimní agus ba mhaith leis an aoi-chainteoir go mbeadh sé sin ar eolas ag muintir an chontae. Tháinig sé chun ár scoile chun é sin a chur in iúl don phobal agus chun iarraidh ar dhaoine a bheith níos tuisceanaí freisin faoi chás dhaoine gan dídeán.