Preasráiteas Don Lá Spóirt

Preasráiteas Don Lá Spóirt

Beidh Cnoc na Labhras FCJ, Co. Luimnigh ag eagrú La Spóirt lán le himeachtaí do bhliain a dó agus a ceathar ar an 8ú lá de mhí Bealtaine chun Gaeilge a spreagadh agus spóirt a chur chun cinn timpeall na scoile. 

Dúirt Céití Ní Mhathúna, Cathaoirleach an Chumainn Ghaelaigh, “Is deis iontach an Lá Spóirt chun daltaí na scoile a spreagadh chun Gaeilge a labhairt. Tá chuile dhuine ar bís agus tá siad ag tnúth go mór leis an lá. Freisin, cuireann an Lá Spóirt aclaíocht chun cinn. Tá súil agam go mbainfidh gach duine taitneamh as.”

Beidh réimse leathan d’imeachtaí eagraithe sa scoil don Lá Spóirt. Beidh cluichí ar nós cluichí corr agus go leor comórtais éagsúla eile ar siúl. Gheobhaidh na buaiteoirí duaiseanna deasa. Beidh an t-eolas ar fad le feiceáil ar shuíomh idirlín na scoile ag www.laurelhillcolaistefcj.ie.