Ramhíocht Uile-Éireann

Grace de Priondargást, Cuisle

Ar an 23ú lá d’Aibreáin, bhuamar trófaí Victor Ludorum san All Ireland Schools’ Regatta.  Bhí timpeall tríocha cailíní ón dá scoil Laurel Hill ag rámhíocht ar an lá. Bhuamar formhór dár rásaí agus thángamar sa dara h-áit sna rásaí nár bhuamar.  Bhí gach duine tuirseach, traochta tar éis na deireadh seachtaine!

Bhí lá iontach againn, ámh, agus rinneamar cairde nua le cailíní ón Meánscoil.  Chuaigh a lán bád amach ar an uisce.  Ní raibh ach leath an méid cailíní ag rásaíocht anuraidh. Ar an gCéadaoin tháinig grianghrafadóir ón Limerick Leader chun pictiúr a thógaint.  Bhí alt iontach scríofa orainn freisin.  De bharr an ratha a bhí orainn, dúirt an bheirt phríomhoide go bhfaighimid pizza! Bhíomar sa naoú h-áit an bhliain seo chaite.  Rinne gach cailín a seacht ndícheall ar an lá agus bhí gach duine an-bhródúil as an scoil agus asainn féin chomh maith. Anuraidh ní raibh an culaith rámhaíochta ceart againn fiú ach i mbliana thángamar ar ais le Trófaí Uile-Éireann agus b’fhéidir gur chabhraigh ár gcultacha nua linn an trófaí a bhua—n’fheadar!