Scholarships

Scoláireachtaí

Comhghairdeas leis na scoláirí seo a bhuaigh scoláireachtaí go dtí an Ghaeltacht. Tá 2 scoláireacht iomlán buaite ag an mbeirt chailíní ó Bhliain 1, Clíona agus Scarlett agus beidh siad ag dul go Coláiste Chorca Dhuibhne i gCiarraí an samhradh seo. Ó Bhliain 2, bhuaigh Molly agus Eibhleann leathscoláireachtaí ar luach €425 an ceann iad go Coláiste Sheosaimh i gConamara agus bhuaigh Hannah, Isabella, agus Eabha páirtscoláireachtaí gur fiú €200 an ceann iad agus mar sin beidh siad ag tabhairt aghaidhe ar Choláiste Sheosaimh chomh maith. Sa phictiúr chomh maith, tá a múinteoirí Gaeilge a bheidh ag súil go mór le h-aiseolas a fháil tar éis an tsamhraidh. Bainígí taitneamh is tairbhe as an deis iontach seo, a chailíní!

Congratulations to Clíona & Scarlett (1st year) and Molly, Eibhleann,Hannah, Isabella & Eabha (2nd year) who won scholarships to the Gaeltacht. Enjoy this wonderful opportunity girls!