Scoláireachtaí na Trionóide

Comhghairdeas leis na h-iarscoláirí thuas, Yvonne Ní Fhlaitheartaigh agus Aoife Ní Chléirigh Nic an Bhaird, a bhain scoláireachtaí amach i gColáiste na Trionóide mar gheall ar a sárthorthaí san Ardteist i mbliana.  Bhí ócáid álainn bhronnta ag na cailíní agus a gclanna i mBaile Átha Cliath agus bhí In. Ní Luinneacháin ann ar son na scoile.