Seán Ó Ceallaigh SnaG19

Bhí an-tús curtha le Seachtain na Gaeilge anseo i Laurel Hill Coláiste nuair a sheol an Feisire Eorpach, Seán Ó Ceallaigh, imeachtaí na coicíse go h-oifigiúil inné. Bhí idir cheol, dhamhsa, amhránaíocht ar an sean-nós agus ar an “nua-nós” curtha ar an ardán agus ba mhaidin fhíor-thaitneamhach í. Thug Céití Ní Mháthúna, scoláire sa chúigiú bliain, réamh-éisteacht dúinn ar an óráid a thabharfaidh sí an Aoine seo i gCaisleán Bhaile Átha Cliath faoin nGaeilge agus conas meon an tromlaigh a dhéanamh níos deimhní faoin teanga.

Ina diaidh, labhair an tUas. Ó Ceallaigh agus thug sé léargas dona cailíní ar thábhacht na teanga i bParlaimint na hEorpa, áit a bhfuil stádas oifigiúil mionteanga aici. Chuir sé béim ar na deiseanna fostaíochta atá sa Pharlaimint chéanna d’aistritheoirí agus áteangarí Gaeilge. Labhair sé faoin meas forleathan atá ar ár dteanga dhúchasach i measc na bhFeisirí eile agus faoin suim a mhusclaítear i gcónaí iontu nuair a chloiseann siad Gaeilge i measc na bpolaiteoirí Éireannacha.

Thagair an tUas. Ó Ceallaigh ina óráid chomh maith don smaoineamh a chuir Céití os comhair an tslua, gur minic nach dtuigimid i gceart tábhacht ár dteanga shainiúil go dtí go bhfuilimid i gcéin ón mbaile, go bhfuil seans i bhfad níos mó ann – faraor – go n-úsáidfimid ár gcúpla focal agus muid ar shráideanna na hEorpa ná ar bhóithre na hÉireann. Labhair sé faoin ndualgas atá orainn ar fad an teanga a choimeád beo, mar nach féidir í a fháil thar n-ais má chailltear í. Spreag sé na cailíní chun leanacht lena ndúthracht i leith na Gaeilge, chun bheith bródúil as a n-oidhreacht chultúrtha. Chuir sé focail chailiúla an Phiarsaigh i gcuimhne dóibh: “Tír gan Teanga, tír gan Anam”.

Agus cé go dtuigimid ar fad go bhfuil an Ghaeilge mar theanga phobail i mbaol, ar feadh na maidne inné, bhí idir anam agus chroí na teanga agus ár gcultúir le brath go soiléir. Gur fada buan í!