Seó leis na Daughters of Charity

Doireann Ní Fhoghlú, Anam

Thóg an Idirbhliain agus an cúigiú bliain páirt sa seó #GoggleBox leis na mná óna Daughters of Charity. Bhí sé ar siúl ar an 27ú agus 28ú lá de Mhárta sa Lime Tree Theatre  i gColáiste Mhuire Gan Smál.

Bhíomar ag obair leis na mná gach Aoine ag am lóin le haghaidh roinnt mhaith seachtainí roimh an seó.  I rith na seachtainí sin, d’fhoghlaimíomar dhá amhrán, Scarlett Ribbons agus I’ll Be There For You ón tsraithchlár teilifíse Friends.  Bhí an-chraic againn ag cur an tseó ar an ardánagus táimid ag tnúth len é a dhéanamh arís an bhliain seo chugainn.