SMRC Urban Run 2015

Máiréad Ní Ainín agus Susie Nic Gabhann, Anam

 

IMG_2114

Máiréad: D’eirigh mé ar mhaidin Dhomhnaigh ar an 11ú de mhí Deireadh Fómhair ar a hocht a chlog. Dith mé leite agus banana le haghaidh bricfeasta. Shroich mé Club Rámhaíochta Naomh Mhíchil ar a haon déag a chlog. Bhí atmaisféar sceitimíneach ann ach bhí gach duine neirbhíseach ag an am céanna.  Bhí gach duine ag caint go h-ard agus ag gáire. Bhi mise agus mo chairde ag tógaint grianghrafanna agus ag baint taitnimh as an ócáid den scoth.

Susie: Bhí Idirbhliain iomlán Chnoc na Labhras ag glacadh páirte sa Rás Bliantúil, an SMRC Urban Run.  Rith 5km a bhí ann agus bhí a lán traenála déanta againn sa Rang Corpoideachais chun cleachtadh le haghaidh an lae mhóir.  Bhí mé ar bís toisc go bhfuilim i mo bhall de Chlub Rámhaíochta Naomh Mhíchil cheana féin agus glacaim páirt sa rás gach bliain ar aon nós. Chuaigh an t-airgead a bhfuarthas ón rith go ‘Corbitt Suicide Prevention’, eagraíocht fhíor-fhiúntach, agus chun báid nua a cheannach don chlub.

Lá iontach a bhí ann agus chríochnaigh gach duine an cúrsa reatha in am iontach. Tar éis na h-aclaíochta, bhí cupán tae agus píosa cáca ag gach duine – agus é tuillte go maith againn. Bhíomar go léir ar mhuin na muice!

IMG_2149 IMG_2121