Turas Eachtraíochta do Bhl. 1

Bhí lá den scoth ag Bliain 1 i gCill Dá Lua ar an Máirt nuair a bhí idir churachóireacht, chlársheoltóireacht agus dhreapadóireacht ar siúl acu ag Ionad Eachtraíochta Ollscoil Luimní. Lá álainn a bhí ann leis an ngrian ag spalpadh anuas orthu agus fuair siad a gcéad bhlaiseadh den samhradh. Míle buíochas le Ms. Cantrell a d’eagraigh agus le h-In. Ní Chlúmháin agus In. Ní Riada a chuaigh in éineacht leis na cailíní.