Máire Cáit Ní Chearbhalláin, 5A2
Chuaigh mé féin agus cúigear cailíní eile go dtí Berlin sa Ghearmáin le h-aghaidh seachtaine i Mí Meithimh le h-In. Ní Chonchúir. Bhíomar ag fanacht in árasán le fear darbh ainm Klaus, a bhí ag obair leis an Scoil Teangan Alpadia, áit a raibh an cúrsa Gearmáinise ar siúl againn.
Tá Alpadia lonnaithe in áit darbh ainm Schöneberg. Bhí an cúrsa teangan go h-iontach agus d’fhoghlaimíomar a lán, ní h-amháin faoin teanga ach faoi chultúr na Gearmáine chomh maith. Spreagadh meas ionainn ar an gcultúr céanna.
Chuamar chun Balla Berlin a fheiceáil agus bhí sé chomh suimiúil sin dul chuige. D’fhéachamar ar an gCuimhneachán don Uileloscadh agus ní gá a rá go ndeachaigh sé sin i bhfeidhm go mór orainn. Chuamar ag snámh freisin in áit darbh ainm Schlachtensee agus bhí an ghrian ag scoilteadh na gcloch ann. D’itheamar “currywurst” os comhair an gheata Brandenburg agus a lan uachtar reoite freisin in “Eisdiele”.
I rith an ama seo ar fad, bhíomar ag cur barr feabhais ar ár gcuid Gearmáinise agus ag déanamh obair bhaile tar éis an lae acadúil. Taithí an-mhaith a bhí sa chúrsa. Seachtain iontach a bhí inti dúinn agus míle buíochas le h-In. Ní Chonchúir as ucht an eagrúcháin ar fad a rinne sí.