Urban Run 2017

Sallyann Ní Chiarba, Anam

Ar an 8ú lá de mhí Dheireadh Fomhair ag Club Rámhaíochta Naomh Mhíchil, rinne mé féin agus mo chairde cúrsa reatha 5km, an Urban Run. Bhíomar ag traenáil ar feadh 6 seachtaine inár rang corpoideachais agus sa bhaile. Bhí am iontach ag gach duine. Rith mé an 5km i 38 nóiméad. Tar éis an rása, chuaigh mé go dtí O’Briens le haghaidh mo lóin – bhí sé lán-tuillte agam.  Bhain mé an-taitneamh as an imeacht agus thug sé ionspoiráid dom bheith níos aclaí agus rith go laethúil.  Go dtí seo, tá ag éirí liom!