Laurel Hill Coláiste FCJ Meánscoil lán-Ghaeilge do chailíní i Luimneach

Barcelona 2026

09-Bealtaine-26
Barcelona 2026

Turas go dtí Barcelona

Ar an 25ú lá de mhí Márta chuaigh an idirbhliain ar fad go dtí Barcelona. Bhí am den scoth ag gach duine agus bhaineamar taitneamh is tairbhe as an turas. Rinneamar a lán cuimhní órga agus d’fhorbraíomar ár gcaidreamh lena chéile.

Ar an gcéad lá dhúisíomar go moch ar maidin chun dul chuig an aerfort i mBaile Átha Cliath. Bhí sceitimíní ar gach éinne ar an mbus. Nuair a shroicheamar an t-aerfort bhí orainn seiceáil isteach agus dul tríd slándáil. Ina dhiaidh sin, bhí am againn chun bia a fháil agus ansin chuamar go dtí an geata chun dul ar an eitleán. Shroicheamar Barcelona tar éis 2 uair go leith agus bhí gach duine ar mhuin na muice chun bheith ann faoi dheireadh.

Chuamar go léir ar an mbus chun dul chuig an óstán. Bhí radharcanna áille le feiceáil ar an tslí. Nuair a shroicheamar an t-óstán, chuamar chuig ár seomraí agus leagamar na málaí iontu. Bhí dinnéar blasta againn agus chuamar ar shiúlóid dheas timpeall Salou. Nuair a d’fhilleamar chuig ár seomraí don oíche, níorbh fhada go raibh gach éinne ina sámhchodladh. Bhíomar tuirseach, traochta, tnáite tar éis an lae fhada de thaisteal.

Ar an lá dar gcionn, dhúisíomar go léir lán le fuinneamh agus réidh don lá. Bhí bricfeasta mór againn agus ansin chuamar caol díreach go dtí an bus. Bhí an t-óstán timpeall 2 uair ó chathair Barcelona. An chéad rud a bhí ar siúl againn ná turas treoraithe chuig cúpla áit cháiliúil - mar shampla, iontas na n-iontas, an ‘Basílica de la Sagrada Família’. Dochreidte! Bhí na radharcanna chomh hálainn agus suimiúil.

Tar éis lóin, chuamar chuig iarsmalann eolaíochta. Bhí a lán gníomhaíochtaí le déanamh ann agus bhí sé an-spéisiúil agus éagsúil. D’fhilleamar abhaile chuig an óstán le haghaidh dinnéir.

An oíche sin bhí Éire ag imirt i gcluiche i gcoinne na Seicia agus bhí gach duine ag féachaint air agus muid ar tinneall. Ar an drochuair, chaill Éire. D’fhilleamar ar fad ar ár seomraí go tromchosach, díomách d’fhoireann na hÉireann.

Charlotte Peters

Ar an Aoine, chuaigh an bhliain go léir ag siopadóiracht ar feadh cúpla uair a chloig. Thosaigh an lá go luath - ar 7:30 ar maidin. Chuamar síos le haghaidh bricfeasta, ansin bhí cúpla nóiméad chun ullmhú don lá. Nuair a bhí gach duine réidh chuamar go léir ar an mbus agus muid thar a bheith sceitimíneach. Isteach sa chathair linn arís!

Bhí 4 uair againn chun dul timpeall na siopaí go léir agus bia a fháil len ár gcairde. Bhain gach duine an-taitneamh as an tsiopadóireacht agus bhí lúchair orainn a raibh ceannaithe againn a thaispeáint nuair a thángamar ar ais chuig an mbus.

Ar fhilleadh dúinn ar an ostán, bhí cúpla nóiméad againn sna seomraí riomh imeacht arís le haghaidh babhlála. Bhí an t-ionad babhlála gar don óstán mar sin ní rabhamar ar an mbus ach ar feadh cúpla nóiméad. Bhí an-chraic againn go léir ag babhláil – ag féachaint ar roinnt liathróidí babhlála ag dul ina dtreo féin – ar strae! Agus níorbh é sin deireadh na gníomhaíochta don oíche mar a nuair a d’fhilleamar ar an óstán, bhí banna ceoil áitiúil ar an ardán agus chuaigh slua dínn i mbun an “Salsa”. Ní dual don diabhal a bheith díomhaoin, deir siad, agus b'fhíor sin fúinne!

Ar an Satharn chuamar go dtí Port Aventura, an ollpháirc siamsaíochta agus spraoi. Arís bhíomar inár suí go luath - 8:30 ar maidin. Bhí Port Aventura an-ghar don óstán; mar sin, ní raibh ach cúpla nóiméad ar an mbus arís agus bhíomar inár seasamh ag geataí na dticéad ar 10:00. Bhí @8 n-uair a’ chloig chun dul timpeall na láthar len ár gcairde. Bhí an-chraic ag gach duine ar na rollchóstóirí agus sna siopaí. Ar 6:30 um thráthnóna, bhuaileamar leis na múinteoirí an athuair chun an comhaireamh riachtanach a dhéanamh agus chun bailiú linn ar ais chuig an óstán don dinnéar. Ag deireadh an lae, bhí gach duine tuirseach traochta ach an-sásta. Lá den scoth a bhí ann – agus turas den scoth chomh maith.

Míle buíochas le hIn. Ní Bhroin a d’eagraigh an turas agus leis na múinteoirí ar fad a tháinig linn. Bhíomar – agus beimid go deo – fíorbhuíoch!

Aoife Ní Dhuinneagáin

Barcelona 2026Barcelona 2026Barcelona 2026Barcelona 2026Barcelona 2026Barcelona 2026
© 2026 Laurel Hill Coláiste FCJ