Laurel Hill Coláiste FCJ Meánscoil lán-Ghaeilge do chailíní i Luimneach

Camino de Santiago

07-Bealtaine-26
Camino de Santiago

Ón 5 -10 Aibreán, chuaigh grúpa scoláirí ó Bhl. 4 go dtí an Spáinn chun an Camino a dhéanamh ar son na heagraíochta “Clíona’s Foundation”. Bhí ar gach scoláire €1000 a thiomsú roimh imeacht agus bhronnamar an t-airgead sin ar an gcarthanacht. Tar éis na hoibre crua ar fad bheith déanta ag tiomsú an airgid, bhí sceitimíní orainn ar fad ag dul chun bóthair.

Bhí an t-aerfort lán le gáire agus gleo agus tuimitheoirí ag fágáil slán linn.Nuair a shroicheamar Santiago, bhuail an teas muid láithreach bonn. Tógadh muid go tús na siúlóide agus níl aon dabht faoi ach go rabhamar neirbhíseach ag tosnú amach: an mbeimis ábalta siúl leis an ngrian láidir sin ag spalpadh anuas orainn? Ar aghaidh linn chuig an mbrú agus nuair a shroicheamar é, táim a rá leat, bhíomar an-sásta ár leapacha a fheiscint tar éis lae fhada taistil.

Ar an lá dár gcionn, shiúlamar go Portomarín.Bhí an ghrian go hard sa spéir arís.D’úsáid cailín amháin sa ghrúpa callaire chun ceol breá, bríomhar a sheinnt chun muid a ghríosadh ar aghaidh.Faoin tuath a rabhamar ag siúl ar an lá sin agus bhí sé an-suaimhneach.25km a rinneamar an lá sin de shiúl na gcos agus ní haon bhréag í a rá go raibh roinnt dínn lasta san aghaidh le teas na gréine agus déine na siúlóide.

Shiúlamar 100km an tseachtain sin ach níba thábhachtaí fós, chuireamar caidrimh agus cairdis nua ar an bhfód – cairde a bheidh linn anois ar feadh an tsaoil.Bhíomar ag canadh lena chéile, ag imirt cártaí le chéile, ag roinnt scéalta lena chéile – ag cruthú cuimhní nua, órga d’am ar leith! Ba é an turas agus an taithí ab fhearr a bhí agam féin go pearsanta – riamh!

Alex Ní Shíthigh

Camino 2.JPG

© 2026 Laurel Hill Coláiste FCJ