Féile na gCór/Cork Choral Festival
Ar an 30ú lá d’Aibreán, chuaigh cór na scoile go dtí Corcaigh le haghaidh chomórtais “Cork Choral”. Bhí a lán cleachtaidh déanta againn roimhe seo agus bhíomar réidh!
Ar maidin, bhuaileamar i Halla Bhríde ar 8:50 roimh dhul ar an mbus. Bhí an aimsir go huafásach agus bhí orainn ár scáth báistí agus cótaí a thabhairt linn. Thosaíomar ar an gceol agus ar an gcanadh ar an mbus chun téamh suas i gcomhair an chomórtais. Shroicheamar Corcaigh timpeall a 11 a chlog. Ansin, bhí am saor againn i mbaile Corcaigh chun greim bia a fháil agus píosa siopadóireachta a dhéanamh mar bhí orainn a bheith ar ais ag Halla na Cathrach ar a 1 a chlog.
Ag an am sin a bhí beartaithe, bhí gach duine ar ais in ionad na Féile agus chuamar isteach sa Halla. Ní raibh an comórtas ag tosú go dtí a 2 ach, gan amhras, bhíomar ag iarraidh scaitheamh ama a bheith againn chun píosa cleachtaidh a dhéanamh roimhré.
Ba muid an chéad scoil ar an ardán agus chanamar “Blazing Sky” le Liam Bates agus “Ceann Dubh Dílis” le hAnúna agus Micheal McGlynn. D’éirigh go han-mhaith linn agus ghnóthaíomar an dara háit!! Bhíomar go léir an-sásta le sin agus fuaireamar amach níba dhéanaí gur chailleamar amach ar an gcéad áit le 0.5 de mharc amháin!
Tar éis fógairt na dtorthaí, bhí sé timpeall 3:30 agus chuamar ar ais go dtí an bus chun filleadh abhaile. Bhi spórt is spraoi againn ar an mbealach abhaile ag canadh agus ag caint le gach duine. Bhaineamar an taitneamh as an lá agus, má deirim féin é, ba chóir dúinn (no pun intended!) a bheith bródúil asainn féin! Míle buíochas le hIn. Ní Bhroin agus In. Ó hUiginn, a d'ullmhaigh muid don chomórtas, agus le Sadbh ó Bhl. 5 a thug tionlacan dúinn.
Tilly Mordan