Sraith Shinsearach
Tógann Gaeilge na hArdteistiméireachta ar an bhforbairt teanga a tharlaíonn sa tSraith Shóisearach. Dírítear ar na ceithre scil teanga le go n-ullmhófar an foghlaimeoir le páirt ghníomhach a ghlacadh sa saol dátheangach ina mairimid in Éirinn, agus spreagtar an duine óg lena tuairimí a fhorbairt agus a roinnt. Ullmhaítear an foghlaimeoir freisin le go mbeidh ar a cumas tabhairt faoin mbreisoideachas sa Ghaeilge, nó trí mheán na Gaeilge.
Tá béaltriail, ar fiú 40% den fhormharc í, ina cuid éigeantach den mheasúnú seo. Déantar trí scil cainte eile gach foghlaimeora a mheasúnú freisin .i. an éisteacht, an léitheoireacht agus an scríobh. Caitear staidéar a dhéanamh ar ghnéithe de théacsanna litearthana Gaeilge ag an nGnáthleibhéal agus déantar staidéar níos géire ar na saothair chéanna seo, agus ar shaothair bhreise, ag an Ardleibhéal.
ARDLEIBHÉAL
- Beidh dhá pháipéar scríofa ann don leibhéal seo.
- Dhá uair an chloig agus 20 nóiméad a mhairfidh Páipéar a hAon - an Cheapadóireacht * agus Scrúdú Cluastuisceana san áireamh. Mairfidh Páipéar a Dó trí huaire agus cúig nóiméad.
An Bhéaltriail: ....................................................................................240 marc = 40% Labhairt na Gaeilge (240 marc) Scrúdú comónta don ghnáthleibhéal agus don ardleibhéal a bheidh sa bhéaltriail. Déanfar tástáil ar chumas labhartha agus cumarsáide an scoláire trí mheán na Gaeilge.
Páipéar 1: .......................................................................................... 160 marc = 27% Cluastuiscint (60 marc) + Ceapadóireacht (100 marc) Scrúdófar cluastuiscint agus ceapadóireacht sa pháipéar seo.
Páipéar 2: .......................................................................................... 200 marc = 33% Léamhthuiscint x 2 (50 marc + 50 marc) + Prós ainmnithe nó roghnach (30 marc) + Filíocht ainmnithe nó roghnach (30 marc) + Litríocht bhreise (40 marc). Scrúdófar léamhthuiscintí, prós agus filíocht an tSiollabais sa pháipéar seo.