Laurel Hill Coláiste FCJ Meánscoil lán-Ghaeilge do chailíní i Luimneach

Gaeilge SS

Gaeilge SS

Gaeilge na Sraithe Sóisearaí

Tá 2 chúrsa ann anois, T1 do scoileanna lánGhaeilge agus T2 do scoileanna eile a fheidhmíonn trí Bhéarla. Bhí an chéad scrúdú Teastais Shóisearaigh i 2022 faoin tSonraíocht Nua.

Mar scoil lán-Ghaeilge, táimid ag tabhairt faoin gcúrsa T1.

An Aidhm atá againn:

Tuiscint ár gcuid scoláirí ar an nGaeilge agus cultúr Gaelach na tíre seo a fhorbairt, a dhaingniú agus a leathnú. Cuirfear ar chumas an scoláire cumarsáid éifeachtach, idirghníomhach, mhuiníneach a dhéanamh i suíomhanna foirmiúla agus neamhfhoirmiúla an phobail teanga.

Cur chuige:

  • Déanfar comhtháthú ar an 5 scil teanga: labhairt, éisteacht, léamh, idirghníomhú cainte agus scríobh chun cur ar chumas an scoláire an teanga a shealbhú agus dul i dtreo a bheith ina h-úsáideoir neamhspleách atá in ann idirghníomhú sa chumarsáid.
  • Beidh béim láidir ar an litríocht mar fhoinse den dea-theanga agus den ghnáth-theanga agus roghnófar téacsanna litríochta óna seanraí uile le cíoradh, mar atá leagtha amach sa tSonraíocht.

Measúnú sa Ghaeilge: Tá 4 chuid sa Mheasúnú Foirmiúil:

Gaeilge.jpg

* In ionad gráid, úsáidtear Tuairiscíní chun MRB 1 agus MRB 2 a mheas agus beidh siad seo ar Phróifíl Ghnóthachtála na Sraithe Sóisearaí (PGSS) an scoláire. Bainfear úsáid as na ráitis seo: Thar barr ar fad: Os cionn na n-ionchas; Ag teacht leis na hionchais; Ionchais le baint amach fós

Contact
Laurel Hill Coláiste FCJ,
Cnoc na Labhras,
Luimneach,
V94CR26,
Éire.



Uimhir Rolla: 64270P

Location
© 2026 Laurel Hill Coláiste FCJ