Bhí an rang ealaíne thar a bheith gnóthach le cúpla seachtain anuas, mar is léir ó na pictiúir sa ghailearaí thíos. Chuaigh Bl. 6 ar thuras go Gailearaí Ealaíne Chathair Luimnigh agus bhí Bl. 4 ag obair go dian ar na prapaí agus ar an seit don cheoldráma "Sister Act" ag tús na míosa. B'fhiú go mór a ndúthracht mar chuir sibh taispeántas ealaíne den chéad scoth ar an stáitse. Bhí sé suaithinseach! Níl aon dabht faoi ach gur chuir bhur gcruthaitheacht go mór leis an taitneamh a bhaineamar ar fad as an seó. Míle buíochas libhse agus le hIn. Ní Chathasaigh (Níor ghá di codladh na hoíche a chailliúint in aon chor! Bhí an seit THAR BARR!)
Comhghairdeas mór freisin le Margarita Dvornaya i mBl. 2, a tháinig sa 3ú háit i gComórtas Ealaíne an Chomhair Chreidmheasa.