Laurel Hill Coláiste FCJ Meánscoil lán-Ghaeilge do chailíní i Luimneach

La Vie en Rose

09-Deireadh Fómhair-26
La Vie en Rose

Bliain 2: Ár dTuras go Páras

Ar an Déardaoin seo caite, thaistealaíomar go Páras le ceathrar múinteoirí. Bhuaileamar lena chéile in Aerfort na Sionainne ar fiche chun a cúig ar maidin. Bhíomar go léir tuirseach, traochta, tnáite ach an-sceitimíneach. D’eitlíomar ón tSionainn go Charles de Gaulle agus bhí an t-aerfort sin plódaithe le daoine nuair a thuirlingíomar. Ón aerfort, thóg bus muid chuig Place de la Concorde i gcroílár na cathrach. Ansin, d’itheamar crepes le Nutella – an-bhlasta!

Chuamar ar thuras bus i ndiaidh bricfeasta. Chonaiceamar a lán de shainchomharthaí Pháras – an Louvre, l’Arc de Triomphe agus Ardeaglais Notre Dame. An tráthnóna sin, shiúlamar timpeall ar Notre Dame sula bhfuaireamar dinnéar ar a seacht a chlog. Tar éis lae fhada, bhíomar an-sásta filleadh ar an óstán an oíche sin.

Ar an dara lá, shiúlamar tríd an Palace de Versailles leis na pictiúir áille agus dhreapamar an staighre go barr l’Arc de Triomphe. Agus i bhfaiteach na súl, bhíomar ar bhád ag dul síos an Seine. Chonaiceamar an Túr Eiffel cáiliúil ón abhainn. Thógamar a lán grianghrafanna – agus féinphiceanna, gan amhras! Ansin, thugamar cuairt ar áit chónaithe ár mbunaitheora – An tSr. Marie Madeleine d’Houet, a chuir na FCJs ar an bhfód. Is áit an-stairiúil í an teach sin agus bhaineamar tairbhe mhór as an gcuairt. Tar éis lae, lán le himeachtaí spéisiúla, d’itheamar ár gcuid agus thugamar aghaidh ar ár leapacha arís.

Ar an tríú lá, chuamar go dtí an pháirc siamsaíochta clúiteach, Disneyland. Bhuail an tiománaí bus linn ag an óstán agus nuair a shroicheamar an pháirc, léimeamar as an mbus agus ritheamar isteach sa pháirc. Tar éis cúpla pictiúr den ollghrúpa, scaipeamar i ngrúpaí beaga chun dul ar na rollchóstóirí. Bhí scuainí an-fhada ann dóibh mar bhí an áit dubh le daoine ach bhí am den scoth againn. Ansin, bhí am san ionad siopadóireachta agus chríochnaigh an lá iontach le tinte ealaíne in Disneyland.

Rinneamar na mílte cuimhní deasa ar an turas seo agus ní dhéanfaimid dearmad air go deo!

Míle buíochas leis na múinteoirí – In. Ní Raghallaigh, a d’eagraigh, agus In. Ní Reachtaire, In. Ní Fhaoláin agus Ms. O’Connor a tháinig linn!

Alva Bunbury, Aisling Osborne agus Elizabeth Ní Roileacháin

La Vie en RoseLa Vie en RoseLa Vie en RoseLa Vie en RoseLa Vie en RoseLa Vie en RoseLa Vie en RoseLa Vie en Rose
© 2026 Laurel Hill Coláiste FCJ