Thugamar faoi 'Sister Act', ceoldráma na hIdirbhliana agus na 5ú Bliana, i mbliana agus ní haon bhréag í a rá go raibh go leor spraoi againn á shocrú agus á chur ar an stáise.
Bhí an t-uafás rudaí le déanamh againn roimhré chun an ceoldráma a ullmhú d’Amharclann na Mílaoise agus, caithfear a admháil, go raibh an-bhrú orainn mar bhí an caighdéan chomh hard sin ón anuraidh!
Bhí na príomhaisteoirí an-ghnóthach ag foghlaim línte, amhrán, damhsaí srl. Bhí an chuid eile dínn ag glacadh páírte sa chór, agus bhí cleachtadh againn gach Céadaoin agus Déardaoin, ag foghlaim na ndamhsaí agus na n-amhrán.
Ní scoláirí amháin a bhí gnóthach, áfach.Bhí grúpa mór, iontach de mhúinteoirí ag cabhrú agus ag ullmhú gach rud, ón gceol (In. Ní Bhroin) agus damhsa (Robyn) go seiteanna, ealaín agus obair cúlstáitse (In. Ní Chathasaigh, Radek, In. Ní Dhomhnaigh, In. Ní Ghealagáin agus In. Nic Conmara) chomh maith leis an aisteoireacht (In. Nic Cumhaill).
Bhí grúpa daltaí, mé féin san áireamh, ag dearadh agus ag cruthú na seiteanna, faoi stiúr an mhúinteora ealaíne.Bhí mé an-bhródúil as an seit nuair a chonaiceamar é ar an ardán sa deireadh thiar thall. An ghné ab fhearr liom den obair ealaíne sin ná na fuinneoga ghloine dhaite. Thóg sé a lán ama an éifeacht sin a chur i gcrích ach bhí siad go hálainn ar an stáitse leis na soilse ag lonrú tríothú!
Thugamar faoi phóstaer a dhearadh freisin agus bhí comórtas idir na daltaí ó Bl 5 agus Bl 4 chun dearthaí a chruthú agus dúradh linn go mbeadh dearthóir grafach gairmiúil ag obair leis an mbuaiteoir chun an póstaer críochnaithe a fháil réidh don fhoilsiú.
Bhí mé an-sásta nuair a piocadh mo cheann! Nílim claonta, ach, ceapaim gur fhéach sé an-snasta nuair a tháinig sé ar ais ón dearthóir grafach!
Bhí ár gcleachtaí teicniúla agus feistis againn ar an 1d agus 2na lá de Nollaig agus seoladh an seó ar an 3ú lá. Bhí an-sceitiminí orainn agus bhí atmaisféar leitreach ar chúl an stáitse. B’aoibhinn liom é a fheiceáil, tar éis ár gcuid dúthrachta ar fad, ar an stáitse; tháinig sé le chéile go hiontach. Rinne gach duine jab iontach - na príomhaisteoirí agus an fhoireann iomlán.Bhí sé go hálainn - dodhearmadta!
Ba thaithí iontach í an seó a dhéanamh mar tháinig feabhas suntasach ar an ngaol idir an criú ar fad agus d’ardaigh sé féinmhuinín i ngach duine. Bhí gnó le déanamh againn ar fad agus fuaireamar an deis ár scileanna éagsúla a chur i láthair agus bhí neart spraoi againn ag an am céanna!
Áine Ní Bhuachalla